Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
In 1950 d’imigh sé go Sasana ar lorg oibre agus ba go Manchain a chuaigh sé ag a dheirfiúr Maggie. D’inis sagart do nach raibh mórán ama fágtha ag Maggie sula bhfaigheadh sí bás ach ní thug Patrick aird air. Ní raibh sé i bhfad i Manchain go bhfuair sé scéala go raibh Maggie marbh. Thosaigh sé ag obair le comhlacht a bhí ag déanamh garraíodóireacht tírdhreacha (landscape gardening). Níos moille thosaigh sé ag obair le comhlacht “Apex” agus chaith sé deich mbliana ag obair leo fríd Shasana mar shaor cloiche. Chuir siad síos tarmac ag beairic saighdiúirí. | 00:17:12 | |
Thosaigh sé a chomhlacht féin in Manchain agus ba garraíodóireacht tírdhreacha an obair a rinne sé. Chaith sé blianta go leor ag déanamh na hoibre sin ach bhí a mhac John ag iarraidh pilleadh na bhaile in 1975. Thosaigh sé ar fheirmeoireacht arís. Bhí sé ina chathaoirleach ar chlub Cumann Gaeilge in Manchain agus chuir sé aithne ar go leor daoine. Bhí aithne mhór aige ar bhainisteoir Manchester United, Matt Busby agus go leor dena himreoirí fosta. Bhí sé ag an chluiche in Madrid nuair a bhain Manchester United Corn Náisiúin na hEorpa in 1967. | 00:11:52 | |
Dhíol sé a chuid cáin in Sasana i gcónaí, rud a thug cead do a chuid innealra a thabhairt leis na bhaile. Chóirigh sé suas an baile nuair a phill sé. | 00:07:03 | |
Cheannaigh sé teach in Manchain ar £450 nuair a pósadh é agus an dara teach níos moille ar £2,500. Fuair sé £18,000 nuair a dhíol sé é. | 00:02:43 | |